Nach deas é? Is leor don dreoilín a nead…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Is leor don dreoilín a nead…

Is leor don dreoilín a nead, a deirtí. Nó lena rá ar bhealach eile, an rud is leor do dhuine sásaíonn sé é. D’fhéadfadh duine a bheith chomh bisiúil le dreoilín. B’fhéidir nach mbeadh díol dreoilín de bhia caite agat.

Ní bheadh croí ná cuisle dreoilín fanta ionat tar éis dhuit drochscéala a chloisteáil. Comhairlítear gur fearr dreoilín i ndorn ná corr ar chairde. Dá laghad é díol an dreoilín caithfidh sé é a sholáthar. ‘Is mór an rud an neart,’ a dúirt an dreoilín nuair a mharaigh sé an phéist. ‘Sin méadú ort,’ arsa an dreoilín nuair a rinne sé a mhún sa bhfarraige. Deirtí go raibh an dreoilín, an t-athair nimhe agus an deargadaol mallaithe. Chreidtí nár iompair an dreoilín é féin rómhaith aimsir Chríost agus go n-éireodh le Naomh Stiofán éalú murach gur thug an dreoilín leide do na saighdiúirí faoin uaimh a raibh sé i bhfolach inti.

‘Bhuail sé idir an gob is an tsúil é, mar a bhuail Beairtle Mór an dreoilín,’ a dúirt fear as Mionlach. Leasainm ‘an Dreoilín’ a bhí ar fhear mór millteach. ‘Roinnigí eadraibh í,’ mar a dúirt an fear a thug leathphingin do lucht an dreoilín.

Is leor don dreoilín a nead… Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Is leor don dreoilín a nead…'

  • Léitheoir

    ….ná corr ar chairde…? …ar cairde?

  • Caitríona

    AN-deas!
    Míle maith agat.
    Líonadh agus caitheamh. Meafar é cuileann nó dreoilín do rí an gheimhridh. Meafar é dair nó spideog do rí an tsamhraidh. Caithfidh an geimhreadh (dreoilín) bás a fháil nuair a thagann an samhradh (spideog).