NACH DEAS É? Is iníon duit d’iníon go dtéir i gcré

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Is iníon duit d’iníon go dtéir i gcré

Is mac duit do mhac go bpóstar é ach is iníon duit d’iníon go dtéir i gcré. Mac seachas iníon a theacht ar an saol ab fhearr le tuismitheoirí fadó. Bhí an scéal céanna faoin tuath sa tSín agus in áit ar bith eile ar fud an domhain ar theastaigh cúnamh le haghaidh talmhaíochta. Mar sin féin tuigeadh gur dhócha gurbh í an iníon a thabharfadh aire don athair agus don mháthair nuair a bheidís sean.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal iníon iontu:

Is fearr iníon agat féin ná mac ag duine eile.

An mháthair leis an mac agus an iníon leis an athair.

Máthair éasca a ghníos iníon fhalsa.

Is iomaí máthair mhaith a thóg drochiníon.

Nuair a phósann tú do bhean, pósann tú d’iníon.

Ní hí a bhean a cailleadh ach iníon a chomharsan – fear nach raibh aon chumha air i ndiaidh bás a mhná.

Ba mhór i gceist sna seanscéalta an iníon aontumha – cailín in aois a pósta. Bheadh sí in inmhe a pósta an uair sin, lena rá ar bhealach eile.

Bíonn fir in inmhe a bpósta freisin.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Is iníon duit d’iníon go dtéir i gcré'