NACH DEAS É? Is feiliúnach an duine é

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Is feiliúnach an duine é

Is feiliúnach an duine é a deirtí faoi dhuine oibleagáideach. “Oibleagáid comharsan lá an anshó”, mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain ina léacht ‘Páipéir Bhána  agus Páipéir Bhreaca’. Lena chois sin bheadh an duine feiliúnach córtasach, fáilí, fiúntach, saoithiúil, suairc, macánta, dea-iomprach, dea-bhéasach, modhúil, múinte.

Fear nach ndearna éagóir ar aon duine ariamh, an tuairisc a thug Tomás Laighléis as Mionlach ar fhear mar sin.

Bhí a leithéidí de dhaoine i gContae an Chláir freisin ach amháin gur oiriúnach a bhíodh acusan in áit feiliúnach: duine oiriúnach: duine ná fuil ag déanamh dada as bóthar agus a bhfuil buíochas Dé agus daoine air.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Is feiliúnach an duine é'