NACH DEAS É? Is fearr bocht sona ná saibhir dona

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Is fearr bocht sona ná saibhir dona

Is fearr sona ná saibhir, a deirtear.

Is fearr bocht sona ná saibhir dona bealach eile lena chur.

Os a choinne sin deirtear gurbh fhearr bás saibhir a fháil ná maireachtáil bocht.

Ceapadh gur airde fear bocht ina sheasamh ná fear saibhir ar a ghlúine ach dúradh freisin nach léir don fhear saibhir an fear bocht.

Tuigeadh i gcónaí nach minic a bhíodh ómós ag daoine don té a bhí bocht.

Seo rann a léiríonn é sin:

An duine saibhir ag déanamh grinn,

Deir chuile dhuine gur binn a ghlór,

Ach is seirbhe ná an searbhán goirt,

An duine bocht ag déanamh ceoil.

Gach bocht le muir is gach saibhir le sliabh, a deirtí. Ceapadh gur boichte an fear farraige ná an sliabhadóir.

Múineadh dhúinn sa mBíobla go bhfuil gean faoi leith ag Dia ar na boicht. Is saibhir iad na boicht i láthair Dé, a deirtí.

Bhíodh amhras go minic ar an dream saibhir go fiú sa mBíobla. Is fusa do chapall a dhul trí pholl snáthaide ná d’fhear saibhir a dhul isteach go Ríocht Dé, a deireadh na Gaeil.

Camall in áit capaill atá sa mBíobla. Seo mar atá sé curtha i Matha:

Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: ‘Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i ríocht na bhflaitheas. Agus táim á rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chnó snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.’

Bhí corrdhuine ann a mholadh an fear saibhir.

Creideadh gur minic a chaith fear saibhir go maith le fear bocht.

An dream a bhíodh ag tochailt trinsí i Sasana thuig siad go maith nach iadsan a dhéanfadh saibhreas as a gcuid oibre ach an dream a bhí á bhfostú.

Ní raibh dhá cheann i dtalamh saibhir ariamh a deirtí.

Bí go moch i do shuí is go luath i do luí,

Is ní fada go mbeidh tú chomh saibhir le rí.

Sin é an mana a bheadh ag lucht an tsaibhris.

Caithfidh tú éirí go moch agus obair chrua a dhéanamh le bheith saibhir a déarfadh siadsan.

Caithfidh cinnte mura mbeadh i ndán is go bhfágfaí an saibhreas le hoidhreacht agat.

Sa deireadh thiar thall bíonn buntáistí faoi leith ag an té atá saibhir. Féadfaidh an fear saibhir a dhul san áit a dtogróidh sé féin.

Dá gceannódh ór léas an tsaoil seo, bheadh an saibhir beo is an daibhir sínte.

Seo bealaí eile ar úsáideadh an focal saibhir agus an focal saibhreas:

Is go mb’fhearr liom póg uait ná saibhreas Sheoirse, a dúirt Raiftearaí faoi Mháire Ní Eidhin.

B’fhearr liom go mór i mo dhiaidh sa ród í.

Ag bleán mo bhóín ‘s ag gléas mo bhídh,

Ná saibhreas Sheoirse is a fháil ina ór bhuí,

Is gur faoi na fóide atá stór mo chroí.

Sin é a dúirt an fear a bhí ag caoineadh a mhná céile Saileog Rua.

Ná saibhreas Sheoirse is é a fháil le stróinse a bhí i leaganacha eile den amhrán sin ach ní ainm é stróinse a thabharfaí go coitianta ar bhean sa lá atá inniu ann.

Bhí fear as Acaill ag cuimhneamh ar a áit dúchais Cúl na Beinn. Seo mar a dúirt seisean:

Saibhreas Sheoirse is faighim é cruinn,

B’fhearr liom acra den bhogach bháite,

Atá idir an Máimín is Inse an Draighin.

Ar ndóigh ní hé an duine amháin a d’fhéadfadh a bheith saibhir. Bíonn talamh saibhir ann, bia saibhir, caint shaibhir, Gaeilge shaibhir, gaoth shaibhir díreach i ndiaidh báid seoil.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Is fearr bocht sona ná saibhir dona'