Nach deas é? Is é an peata geal ag a mháthair é…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Is é an peata geal ag a mháthair é…

Is é an peata geal ag a mháthair é a déarfaí faoi bhuachaillín a mbeadh práinn mhór ag a mháthair ann.

Ar ndóigh bheadh an chontúirt ann i gcónaí go millfeadh sí é, go ndéanfadh sí peata ceart críochnaithe de.

Deirtear gur mac caillí is peata baintrí an dá mháistir is mó atá le fáil—gur peataí millte iad. Deirtear freisin gurb iad an dá mhaistín is mó atá le fáil. Bhítí ag trácht ar pheata caillí i gcontae an Chláir de réir an leabhair Caint an Chláir —“an t-aon leanbh garsúin amháin”.

Ar ndóigh is traidisiún fada ag na Gaeil a bheith ag cáineadh na mban. Bhí sé ina sheanrá acu gur peata circe, peata muice agus peata mná na trí pheata is measa.

Tá comhairle curtha sa Sean-Tiomna faoin bpeataireacht seo agus faoina leigheas. Is cosúil nach raibh aon Chumann Um Chosaint Leanaí ann nuair a cumadh an Sean-Tiomna. Féach ar na sleachta seo:

An té a bhfuil grá aige dá mhac tabharfaidh sé léasadh dó go minic

I dtreo go mbeidh sé ina lúcháir aige nuair a chuirfear i gcrích é.

Agus seo:

An té a choigleann an tslat, fuathann a mhac,

An té a bhíonn fial ag ceartú, bíonn grá aige dó.

Agus seo arís:

Crom a mhuineál agus é ina naíonán

Agus buail a mhaotháin agus é óg d’fhonn nach n-éireodh sé ceanndána agus bheith easumhal duit agus brón a chur ar do chroí.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Is é an peata geal ag a mháthair é…'

  • An Teanga Bheo

    Iontach fíor silim na firicí /tuairimí sin thuas is dóigh liom.

  • Carraig

    ‘Buail an óige agus tiocfaidh sí.’