NACH DEAS É? Is cúng an doras a dtéann an t-olc isteach ann…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Is cúng an doras a dtéann an t-olc isteach ann…

Is cúng an doras a dtéann an t-olc isteach ann – is deacair an t-olc a choinneáil uait.

Níor dhúin Dia doras riamh nár oscail Sé ceann eile. Sin é a chreideann na Críostaithe.

Creideann siad freisin gur gaire cabhair Dé ná an doras.

Is iomaí cineál dorais ann. Seo cuid acu:

Doras tosaigh, doras cúil, doras éalaithe., taobhdhoras, doras sleamhnáin.

Garraí dorais a thugtar ar gharraí beag ar aghaidh an tí.

Dá mbeifeá idir dhá dhoras na gaoithe bheadh siorradh gaoithe isteach ort.

Ba mhór i gceist doras an fhoscaidh fadó. D’fhéadfaí doras an fhoscaidh a fhágáil oscailte, ach an doras a bhíodh ar thaobh na gaoithe d’fhágtaí dúnta é – ba é sin an doras iata.

Is é a dúirt an bhean rua, a bhí i dtosach an tslua, gan an doras ó thuaidh a bheith oscailte—nach mbeadh sé ádhúil.

D’fhéadfá a bheith ag doras an bháis, ar leaba an bháis, ar an dé deiridh, ag saothrú an bháis, ag comhrá leis an mbás, sna cuacha deireanacha.

Bíonn doras ar lot, oscailt atá i gceist. Tá doras tagtha air a déarfaí faoi lot nach mbeadh ag cneasú.

Seo bealaí eile a n-úsáidtear an focal doras:

Duine a chur ó dhoras – é a chur chun bealaigh le leithscéal.

An doras a thabhairt amach do dhuine – é a dhíbirt. Bata agus bóthar a thabhairt dó.

Níor dhall sí mo dhoras ó shin – níor chuir sí cos thar an tairseach agam ó shin.

Is gearr na doirse a bhí sé uaim—bhí sé ina chónaí i bhfoisceacht cúpla teach díom (ar an tsráid).

Bhí lán an dorais inti a dúradh faoi bhean a bhí mór, téagartha.

Doras a fhágáil béalard—gan chosaint.

Bhí an teach lán ó chúl go doras.

Is mór i gceist deoch an dorais i dtithe tábhairne.

Leac an dorais, nó an tairseach lena rá ar bhealach eile.  Áit faoi leith sa teach é ag an dream a bhfuil pisreoga acu.

Ná feiceadh an lao an solas ag teacht faoin doras – de réir na pisreoige sin, ní ceart solas a thabhairt ná a ligean isteach san áit a bhfuil bó tar éis lao a bhreith.

An raibh tú ariamh i mBaile Átha Cliath? Dá mbeadh dhúnfá an doras i do dhiaidh –rud a déarfaí le duine a d’fhágfadh doras oscailte.

Tarraing an doras i do dhiaidh, a dúradh le bean i scéal. Dún i do dhiaidh é a bhí i gceist ach is amhlaidh a bhain sise de na hinsí é gur tharraing sí ina diaidh ar an talamh é.

Is teann mada gearr i ndoras a thí féin—go mbíonn muinín ag duine as féin in áit a chleachta, nó i measc a dhaoine féin.

Is furasta gabháil thar dhoras tí gan mada—is éasca a bheith dána nuair nach bhfuil aon chontúirt ann.

Ní i mbéal na gaoithe a bhíos an doras sa mbrocach ag an sionnach.

Muintir na mná ag an gcófra is muintir an fhir ag an doras – cuireann bean an tí fáilte roimh a cairde féin is doicheall roimh chairde a fir.

Buaileann an dea-scéalaí an doras go dána—bíonn fáilte roimh an dea-scéal i gcónaí.

Is sleamhain an leac ag doras duine uasail—sin le rá nach buan an dream sa teach mór [na huaisle].

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Is cúng an doras a dtéann an t-olc isteach ann…'