NACH DEAS É? Go mbeirimid beo ar an am seo arís

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Go mbeirimid beo ar an am seo arís

Go mbeirimid beo ar an am seo arís.

Is minic a deirtear é sin go mór mór faoi Nollaig agus ag tús na bliana nua.

Leagan eile agus séasúr eile a bhí ar intinn ag an mbuachaill falsa a dúirt ná beirimid beo ar an samhradh choíche.

Thaitin an bheatha leis ach bhí doicheall aige roimh obair an tsamhraidh.

B’aisteach an ghuí í ach ansin aríst ní raibh sí chomh haisteach leis an bhfear a dúirt b’fhéidir gur gearr go mbeadh tórramh againn féin nuair nach bhfuair sé aon deoir phórtair ar thórramh a chomharsan.

Seo roinnt leaganacha a bhfuil an focal beo iontu:

Bí beo mar a mbeifeá beo ach leathuair.

An té is faide a bheas ag ithe is é is faide a bheas beo.

Ochón Ó! Níl ach ceo sna daoine,

iad atá beo is cóir a chaoineadh.

Is fearr beo bocht ná beo le locht.

Is beo duine gan a chairde ach ní beo é gan gal ina phíopa.

Más beo Áine geobhaidh si fear –tagann rud chuig duine a bhíos foighneach, dóchasach.

Is fearr seanbhean beo ná bean óg marbh.

Dá gceannódh ór léas an tsaoil seo, bheadh an saibhir beo is an daibhir marbh.

Is maith sú bó, beo nó marbh – bainne lena beo agus anraith ón bhfeoil.

Fan beo, a chapaill, agus gheobhaidh tú féar.

Tairne i mbeo a ghníos capall bacach.

Ná labhair a choíche leis na cosa is an ceann beo – téigh go dtí an té atá i gceannas le do ghearán.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Go mbeirimid beo ar an am seo arís'

  • Máire Mhic Shiomóin

    Thaitin an píosa seo go mór liom..is aoibhinn liom nathanna cainte na Gaeilge agus an ciall a bhaineann leo.
    Go mbeirimid beo…..