‘Tá rud amháin fút,’ a dúirt mise oíche sa teach tábhairne le fear a raibh mé ag diabhlaíocht leis, ‘nuair a chaillfear thú beidh sochraid mhór ort.’
‘Go mba leat féin is túisce é,’ a dúirt sé ar ais liom.
Fuair mé amach ó shin go raibh sé ráite le fada an té a mbeadh deifir aige le bás duine eile go m’fhéidir gur túisce a bhásódh sé féin.
Ní hé go deimhin go raibh aon deifir agamsa le bás an fhir bhreá sin.
Is dócha ó tharla gur sa teach tábhairne a bhí muid gur dhúirt muid le chéile gur thúisce deoch ná scéal.
Seo bealaí eile a mbaintí úsáid as an bhfocal túisce:
Ní túisce craiceann na seanbhó ná craiceann na bó óige – ní túisce a sciobann an bás an seanduine ná an duine óg.
Ní túisce a fháil ná a chaitheamh – nach mbíonn i saol an duine ach caitheamh is fáil.
Ní túisce an abhainn anonn ná anall – ní túisce duine go maith ná go dona; thuas seal, thíos seal.
Ní túisce a bhí sé treascartha ná bhí sé ar a chosa arís.
Ar nós na madraí, ní túisce iad mór ná beag.
Ní túisce athrú ar an ngaoth ná ar intinn mná.
‘Is túisce a chaithfinn mé féin sa bhfarraige ná í a phósadh,’ a dúirt fear uair amháin. ‘Sin é a d’fhág ar deireadh é,’ a dúirt fear eile a chuala an scéal.
Ní beag liom a thúisce – róluath a tharlóidh sé.
Is túisce suaill ná gaoth –borradh sa bhfarraige roimh an ngaoth.
An té is túisce chugat, an té is túisce uait – aistriú deas, feictear dhom, ar first come, first served.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Go mba leat féin is túisce é…'