NACH DEAS É? Gearróga dubha na Nollag…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Gearróga dubha na Nollag…

Gearróga dubha na Nollag a thugtar ar thimpeall seachtain roimh an lá is giorra sa mbliain (21 Nollaig) agus seachtain ina dhiaidh.

Lá na Nollag ar an Aoine agus an t-earrach ar bheagán daoine, a deir an seanráiteas. Níl a fhios agam céard a tharlódh do na daoine murab é an bás a bheadh i ndán dóibh.

Dá dtarlódh sé gur ar an Déardaoin a thitfeadh Lá Nollag thabharfadh sé léargas dhúinn ar an gcineál aimsire a bheadh romhainn an bhliain seo chugainn. Seo mar a deirtí é:

‘Má thiteann Lá Nollag ar Dhéardaoin,

Tiocfaidh geimhreadh stoirmiúil ina líon,

Ach beidh an samhradh tirim fial,

Is beidh arbhar agus eallach go leor le díol.’

Bhí réamhaisnéis eile ann mar seo: ‘Mar a bhíos dhá lá dhéag na Nollag, beidh dhá mhí dhéag na bliana.’

Agus bhí ceann eile fós ann:

‘Samhradh riabhach, fómhar grianmhar, geimhreadh reothalach, earrach róbhreá,

sin é a d’ordaigh béal an tseanduine.’

Nach mairg a bheadh ag brath ar réamhaisnéis na haimsire ó TG4.

Téann an bainne in adharca na mbó sa ngeimhreadh – de bharr go laghdaítear a dtál ansin.

Cheaptaí go dtagadh fad coiscéim coiligh ar an lá ó Lá Nollag Beag agus fad gabháil bhrosna ó Lá Chinn an Dá Lá Dhéag.

Oíche Nollag, lá na móna, is Lá Fhéile Muire thall sa bhfómhar, na trí lá a n-itheann an bodach a dhóthain.

Níl aon Oíche Fhéile Mártan gan feoil ná aon Oíche Nollag gan im.

‘Oíche Inide gan feoil

Lá Nollag Mór gan im,

Domhnach Cásca gan arán,

Sin é an bothán lom.’

Bia is deoch faoin Nollaig, is éadaí nua faoi Cháisc.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Gearróga dubha na Nollag…'