NACH DEAS É? Fear meabhrach é an Gaillimheach ach ní choinneodh sé coinneal don Chiarraíoch…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Fear meabhrach é an Gaillimheach ach ní choinneodh sé coinneal don Chiarraíoch…

I mo chodladh ar mo chliatha fis anseo in Aill na Brún a bhí mé nuair a tháinig tuilleadh leaganacha nua cainte isteach i m’intinn mar a bheadh brionglóid ann:

  1. Fear meabhrach é an Gaillimheach ach ní choinneodh sé coinneal don Chiarraíoch.
  2. Más fiú é a aithris inis do Joe Duffy é.
  3. Is maith é Dia faoi thrócaire agus is maith iad ALDI faoi mhargadh.
  4. Ní bhainfeadh Tommy Tiernan gáire as an bhfear sin.
  5. Tá sé sin sticking out a mile, mar  a deirtear sa nGaeltacht.
  6. Tá an cat sin chomh maith le Pangur Bán ag marú luchan.
  7. Sé an DNA a inseos é.
  8. Is é an toradh a bhí ar an achrann go raibh paiteolaí an Stáit ar a bhealach.
  9. Chomh lag le hothar ar thralaí ospidéil.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Fear meabhrach é an Gaillimheach ach ní choinneodh sé coinneal don Chiarraíoch…'

  • Gearóid

    go deas! tá tú ag druidim i dtreo Flann leis na nathanna sin!