Feithid dhubh é an daol. An té a bheadh faoi dhaolbhrat bróin bheadh an duine sin bainte, buartha, cráite.
Tá a chroí briste, brúite le teann bróin a déarfaí. Bheadh smúit an bhróin ar a ghnúis.
Brón ar an mbás is é a dhubh mo chróise, a dúirt Pádraig Mac Piarais ina dhán faoin mbean sléibhe a bhí ag caoineadh a mic.
Mór mo bhrón: d’éag an dream inar chuireas dóchas, a dúirt file eile.
An ní nach bhfeiceann súil ní bhrónann croí—mura bhfeicfidh tú é ní chuirfidh sé aon bhrón ort.
An brón a bhíonn ar an gcroí sileann an tsúil é.
Is minic a mhaolaigh béile maith brón.
Bhí smál ar a intinn ag an mbrón.
Tá brón mór os cionn mo gháire.
Scaipeann an brón den óige, mar a scaipeann an ceo de na cnoic
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Faoi dhaolbhrat bróin…'