Fáinne óir ort a déarfá agus tú ag moladh duine a chasfadh amhrán go breá.
Is iomaí cineál fáinne ann. Ag daingniú na lainne i scian a bhíonn an fáinne scine.
Bíonn fáinne ar chrann speile.
Fáinne ceártan a thugtaí ar fháinne a dhéantaí i gceárta le cur i srón muice.
Cuirtear fáinne i bpolláirí tairbh lena cheansú. Ní fáinne ceart atá ann ach dhá ladhar chama, ceann le haghaidh gach polláire, agus astu sin tá lámh a bhfuil scriú inti leis an dá ladhar a dhaingniú sna polláirí.
Fáinne na bróige a thugtar ar pholl na barréille.
Bhíodh trácht sna hamhráin ar fháinne geal an lae, fáinne na fuiseoige lena rá ar bhealach eile. Duine a mbíonn fearg mhór air bíonn sé le buile nó le báiní. Bíonn a leithéid ag gearradh fáinní.
Ná déanadh muid dearmad ar an bhfáinne pósta.
Fáinne a thugtar ar an gciorcal nó an garraí a bhíonn ar phláinéad. Tá ceithre fháinne timpeall ar Iúpatar.
Bíonn fáinní bliantúla i gcrann. Is féidir aois an chrainn a dhéanamh amach astu.
Seo fáinní eile nár luaigh mé fós: fáinne cuirtíní, fáinne eochracha, fáinne gruaige, fáinne leictreach.
Fáinne óir ort… Nach deas é?
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Fáinne óir ort…'