Nach deas é? Fáilte na heorna nua romhat…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Fáilte na heorna nua romhat…

Fáilte na heorna nua romhat a deirtí fadó le duine  a mba nuacht agus cúis ghairdeachais é a fheiceáil.

Bhíodh bia gann an uair sin agus gan mórán éagsúlachta sna cineálacha  bia a bhí ar fáil. Cá hionadh go dtagadh uisce óna gcuid fiacla ag na daoine nuair a bhíodh an eorna nua os a gcomhair.

Go deimhin tá sé déanta amach anois gur mó an tóir a bhí ag na Gaeil fadó ar an eorna ná ar an gcruithneacht.

Ag fanacht leis na fataí nua a bhídís sna ceantair ba bhoichte den tír.

‘Slán agat anois, a Dhia, go bhfásfaidh na fataí nua,’ a dúirt an fear a bhí réidh leis an gcreideamh Caitliceach a shéanadh ar feadh tréimhse beag agus a dhul leis na ‘jumpers’.

Inniu bheadh sé aisteach fáilte  mar sin a  chur roimh dhuine ar bith. Tá an pobal róbheathaithe agus éagsúlacht bia ar fud na tíre.

Ar éigean go ndéarfadh  duine ar bith   ‘fáilte an spaghetti bolognese romhat, a mhuirnín’.

Ní cheapainn ach an oiread gur ‘fáilte an avocado romhat, a chomrádaí,’ a dúirt Leo Varadkar le Emmanuel Macron nuair a casadh dhó é.

Fáilte na heorna nua romhat. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Fáilte na heorna nua romhat…'

  • léitheoir

    ‘Sé an eorna nua tú a fheiscint’…fáilte, áilleacht, úire, gairdeas, buíochas, croíléis agus filíocht in éineacht. Van Gogh sa chaint againn a bhuachaill.

  • léitheoir

    ‘Sé an ghealach nua tú a fheiceáil.’
    ‘Sé solas na gréine tú a fheiceáil.’
    ‘Sé eascairt lae (agam) tú a fheiceáil.’ Bímis ag cumadh! Ach cad déarfaí le duine a mbeadh doicheall agat roimhe?
    “Sé an t-aiseag/an bhroghais/an tuar tú a fheiceáil’??