Nach deas é? Domhnach gach dara lá agus lá fliuch a bheith eatarthu…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Domhnach gach dara lá agus lá fliuch a bheith eatarthu…

Is beag meas a bhíodh riamh ar an duine a ceapadh a bheith seachantach ar obair agus ar allas agus ba mhór an moladh fear nó bean mhaith oibre a thabhairt ar dhuine.

Cé a déarfadh nach cumadóireacht, aireachas nó aislingíocht thairbheach a bhíodh ar siúl ag an ‘leadaí’ bocht ach ba mhó an meas a bhíodh ar chruach mhaith mhóna nó iothlainn theann.

Is mór an lear focal atá fós againn fós ar an duine díomhaoin ar beag a dhéantús maitheasa: cuaille, cúl le rath, leadaí, leiciméara, leisceoir, leisceadóir, liúdramán, liúiste, scódaí, scraidí, scraiste, scraith, scrathachán, streachaille, strúiméad agus spreasán.

Seo féilire a deirtí a d’fheilfeadh don leadaí agus a thaitníonn liom féin:

Lá Nollag in aghaidh na ráithe
Domhnach Cásca in aghaidh na seachtaine
Domhnach gach dara lá,
Agus lá fliuch a bheith eatarthu.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Domhnach gach dara lá agus lá fliuch a bheith eatarthu…'