NACH DEAS É? Domhnach cásca agus lá Nollag an dá lá is fearr don bholg…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Domhnach cásca agus lá Nollag an dá lá is fearr don bholg…

Domhnach Cásca agus lá Nollag an dá lá is fearr don bholg, a dúirt Amhlaoibh Ó Súilleabháin, an Ciarraíoch a bhí ina chónaí i gCallainn i gCo. Chill Chainnigh sa naoú haois déag. Níor chall dósan a bheith imníoch faoi gan a dhóthain a bheith le n-ithe aige Lá Nollag mar go raibh feirm agus siopa aige i gCallainn agus é treallúsach, meabhrach mar atá na Ciarraígh ar fad.

Bhíodh daoine eile ag súil le bia agus deoch faoi Nollaig agus le héadaí nua faoi Cháisc. Ó thaobh na haimsire de, deirtí gur Nollaig cheobhránach a ghníos reilig shéasúrach. Nó d’fhéadfá a rá gur Nollaig bhreá a dhéanfas reilig theann. Bhíodh leagan spéisiúil ann faoin Aoine roimh Nollaig:

Gach Aoine roimh Nollaig.

Gach Aoine roimh Cháisc

Is gach Aoine roimh Chincís

B’in iad na trí Aoine ba mhó troscadh i rith na bliana agus ní bhíodh imní ar bith ar an té a bhíodh i mbaol báis ar aon lá díobh. Deirtí freisin gur cheart don mháthair ligean don pháiste trí scread a chur as le hocras sula dtabharfadh sí cíoch dó na trí lá úd.

Domhnach Cásca agus lá Nollag an dá lá is fearr don bholg… Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Domhnach cásca agus lá Nollag an dá lá is fearr don bholg…'

  • Séamas Mac Coitir

    A chara.
    Bíonn rud éigin ar fónamh le rá ag Seosamh Ó Cuaig i gcónaí, bail ó Dhia air.
    Seo leanas nath cainte a chloisinn fadó tar éis aimsir na Nollag, eadhon, seo siar an Nollaig, seo siar an bolg!
    Guím rath agus séan ar gach duine a chuireann scéalta ar fáil do na leathnaigh seo, agus go gcoinní Dia sruth na scríbhneoireachta leo!