Craosaire a thabharfaí ar fhear a bheadh ag ithe iomarca. Bíonn an faisean céanna ag cuid de na mná.
Tá na focla craosánach, sutha agus amplóir ann freisin. Pótaire a thabharfaí ar an té a d’ólfadh an chroch chéasta den asal.
Féach na comhfhocail seo freisin: craos-longadh, craos-shlogadh, craos-ruathar (ionsaí fíochmhar).
Thagadh craos-ghalar ar pháistí scaití –galar sa mbéal taobh istigh. An craos atá ar an oscailt síos go dtí an scornach.
Ó tharla go bhfuil an craos ar cheann de na seacht gceannpheaca marfach ní hiontas ar bith go luaitear sách minic sa mBíobla é:
- Tá an mac seo againn ceanndána agus ní ghéillfidh sé dár nguth; déanann sé craos agus bíonn ar meisce.
- Má shuíonn tú ag bord le flaith, tabhair faoi deara go cúramach céard atá leagtha romhat:
- Cuir scian chun do scornaí, má tá luí le craos agat, ná cuir dúil ina shóláis, mar níl siad iontaofa mar bhia.
- Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di, ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag.
- Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? D’ólfadh sé an chroch chéasta den asal…'