NACH DEAS É? Díreoidh mise na caipín ort…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Díreoidh mise na caipín ort…

Díreoidh mise an caipín ort, a déarfá le duine a mbeadh sé i gceist agat smacht a chur air nó an ceann is fearr a fháil air.

An té a bhfeileann an caipín dó caitheadh sé í. Sin ráiteas coitianta eile. Is dócha gur ón mBéarla a tháinig sé. Má fheileann sé duit feileadh, bealach eile lena rá.

Is iomaí cineál caipín ann: Caipín píce, caipín glúine, caipín cogaidh, caipín súile (mogall na súile), caipín clóca.

Tá éan ann ar a dtugtar an caipín dubh, ceann ar a dtugtar an caipín dearg agus faoileán an chaipín. Tá ceann eile fós ann ar a dtugtar Donncha an chaipín.

Tá gob an phocáin ar a caipín aici, a deirtí faoi bhean a mbíodh fonn uirthi a bheith ag fánaíocht agus ag radaireacht.

Scéal an chaipín dheirg a thugtaí ar scéal fada leadránach. Leaganacha eile ar a leithéid de scéal is ea scéal an ghamhna bhuí agus scéal mhadra na n-ocht gcos.

Níl lán an chaipín de ghaoth ann a deirtí nuair nach mbíodh aon ghaoth ann le bád a sheoladh.

Chaithfeadh sé go raibh an tSeamair Mhuire ina chaipín a déarfaí faoi dhuine a thiocfadh slán as gábh ar éigean.

Chreidtí go mbíodh an t-ádh ar leanbh a bhéarfaí agus caipín sonais air. Meall bog ar fhíormhullach a chinn ar an bpáiste a bhí ansin.

Cuirtear caipín ar stuca coirce—stuca beag timpeall is sé dhornán (síol in íochtar) ina chaipín i mbarr stuca eile (ceithre dhornán fhichead).

Caipín na stiúrach a thugtar ar bharr chána na stiúrach i mbád—an méid den chána atá os cionn an halmadóra.

Is minic caipín ar shraoill is bean chaoithiúil gan tada.

Bíonn an fharraige ag caitheamh caipín scaití—cúr uirthi.

D’fheicfeá caipín ar chnoc corruair – mullach ceo.

Caipín easpaig a thugtaí ar dheis ar nós caipín easpaig a bhíodh ar bharr simléir le go dtarraingeodh sé.

Chuirtí caipín ar dhrisiúr, caipín ar chliabhán agus bíonn caipín ar chónra.

Díreoidh mise na caipín ort… Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Díreoidh mise na caipín ort…'