NACH DEAS É? D’íosfadh sé le gráinne salainn mé

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? D’íosfadh sé le gráinne salainn mé

D’íosfadh sé le gráinne salainn mé.

Sin é a déarfá faoi dhuine a mbeadh an ghráin aige ort. Ní fiú salann salach é féin, a d’fhéadfá a rá mar bhreithiúnas airsean. Ní fiú salann na praisí é go deimhin.

Tá seanfhocal ann a deireann nach gcailleann an salann a ghoirteamas, ach go gcailleann na daoine an carthanas.

Seo cúpla seanfhocal eile faoin salann:

Ní itear feoil gan salann—tá bealach áirithe le gach uile rud a dhéanamh.

Salann is iarann, dhá earra nach liathann.

Blas gach bia an gráinnín salainn.

Salann siar is gur aniar a thig sé. Bringing coals to Newcastle  a déarfaí i mBéarla: a bheith ag cuimilt saille ar thóin na muice méithe, a  bheith ag tabhairt liúdar go Toraigh, a bheith ag tabhairt cloch go Conamara.

Seo leaganacha  eile cainte a bhí coitianta:

Is é an salann síoraí ag gabháil go hifreann é – is aistir an-fhada é le hualach trom.

Níl ann ach salann ar chabáiste le hais a bhfuil le déanamh – rud beag nach dtabharfaí faoi deara.

Chuireas muc ar salann inniu,  a dúirt Amhlaoibh Ó Súilleabháin ina dhialann.

Bhí an chaint  seo acu i gContae an Chláir:

Níorbh fhiú an bhó ach cúig púint, ach bhain Seán seacht bpúint amach; chuir sé salann uirthi don té a cheannaigh í; shaill sé go maith í; chuir sé praghas ró-ard uirthi.

Is é salann an tsaoil é—is é corp an duine uasail é.

Bhí an salann tábhachtach ariamh sa gCríostaíocht.  Baintear leas as i gcónaí sa mbaisteadh. Bhí tábhacht leis an salann tar éis do pháiste a theacht ar an saol. Tá tagairt dó sin sa mBíobla.

Ar bhreith dhuit, ar lá do bhreithe féin, níor gearradh d’imleacán, níor níodh in uisce thú le do ghlanadh; níor sailleadh thú ná níor cuireadh i gcrios ceangail thú.

Agus ar ndóigh bíonn trácht i gcónaí ar shalann na talún. Seo aríst mar atá sa mBíobla:

Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? D’íosfadh sé le gráinne salainn mé'