NACH DEAS É? Dhéanfadh sé nead i do chluas…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Dhéanfadh sé nead i do chluas…

Dhéanfadh sé nead i do chluais.

Sin é a déarfá faoi dhuine a bheadh in ann tú a mhealladh. Bhuailfeadh sé bob ort breá éasca. Dhéanfadh sé amadán nó óinseach díot go deimhin. Chuirfeadh sé an dallach dubh ort agus an dubh ina gheal. Chuirfeadh sé an chluain Mhuimhneach ort. Duine é a bheadh in ann tú a chealgadh le comhrá.

Tá ráiteas ann a deir gur minic a chealg briathra míne cailín críonna. 

Seachain cluanaí, cealgaire is rógaire a deirtí. Lena chur i mbeagán focal d’imríodh an té atá i gceist agam an cluiche claonach ort. Chuirfeadh sé an dallamullóg ort gan amhras ar bith.

Galar a thagadh ar chaoirigh a bhí sa dallamullóg ó cheart.

Dhéanfadh sé nead i do chluais… Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Dhéanfadh sé nead i do chluas…'