NACH DEAS É? Dearmad bhean an tí ag an gcat

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Dearmad bhean an tí ag an gcat

Is é cothú an chait dearmad bhean an tí, lena rá ar bhealach eile. 

Nuair a dhéanann bean an tí dearmad an doras a dhúnadh, nó nuair a fhágann sí bainne, im nó feoil ar an mbord trí dhearmad, tapaíonn an cat a dheis.

Tá rann ann faoi thrí bhua an chait: 

Dearmad bhean an tí,

Siúl gan torann,

Radharc géar sa dorchadas.

Is ionann dearmad agus earráid, meancóg, botún nó díchuimhne.

Is furasta rud a ligean i ndearmad.

Mo chuimhne agus mo dhearmad is mo charbad dóite a déarfadh duine nár chuimhnigh i dtosach ar an gceist a bhí le cur aige.

Mura bhfuil mo chluasa dearmadach a déarfadh duine a bheadh beagnach cinnte gur chuala sé rud i gceart.

Creidtear go bhfuil Dia foighneach ach nach bhfuil Sé dearmadach.

Dearmad an dá bhóthar a bheadh ar an té a bheadh idir dhá chomhairle. Ní bheadh sé cinnte cén treo ba cheart dó a thabhairt air féin.

Seo roinnt leaganacha cainte eile a bhfuil an focal dearmad iontu:

Níor casadh dhom i mbealach ná i ndearmad ó shin é.

D’éireodh dearmad sa teach is fearr amuigh.

Dearmadtar an mhaith a dhéantar.

Ar do mheisce nó ar do chéill ná déan dearmad ar do dhaoine féin.

Más mian leat aithne a chur ar do chairde déan dearmad eicínt.

An té nach gcleachtann an mharcaíocht dearmadann sé na spoir—an scil nach gcleachtar, dearmadtar í.

An rud a théann i bhfad téann sé i ndearmad.

Ní íocann dearmad fiacha.

Sonas agus séan ort agus dearmad fada ón éag ort.

Ní fhéadfaidh muid dearmad a dhéanamh air choíche ná go deo.

Seo é a dúirt iníon an Phailitínigh leis an bhfile a bhí ag iarraidh í a mhealladh:

“Ná bíodh eagla ort, tar liom is míle fáilte,

Gheobhaidh tú le toil m’athar mé, is gan dearmad óm mháithrín.”

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Dearmad bhean an tí ag an gcat'

  • S. Mac Muirí

    Grma as na corthaí cainte a Sheosaimh. Tá tuiscint ar an duine féin iontu, an ceann faoi do chairde a aithint, fágaim.