Nach deas é? D’ardaigh sé chun feochain….

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? D’ardaigh sé chun feochain….

Ag éisteacht leis an ngála ag lascadh na fuinneoige a bhí mé nuair a chuimhnigh mé ar an líne sin as an amhrán An Caiptín Ó Máille: ‘D’ardaigh sé chun feochain is as sin chun gaoithe móire’.

Feochan a thugtar ar an ngaoth nuair a bhíonn sí ag séideadh go crua ina leathghála.

Tá míniú níos fearr air sa leagan seo:

Trí bhríos gála. Trí fheochan stoirm. Trí stoirm aircín (hairicín).

Lá a mbíonn gaoth an-mhór ann bíonn sé ina stoirm.

Gealstoirm í nuair a bhíonn tonnta bána ar an bhfarraige dá barr.

Is spéisiúil an úsáid a bhain Raiftearaí as an bhfocal feochan agus é ag moladh an uisce beatha:

Feochan a fháil ar maidin de

níl rud ar bith chomh breá leis,

is maith a rachadh gloine de

do dhuine a bheadh as a shláinte.

Fág freagra ar 'Nach deas é? D’ardaigh sé chun feochain….'

  • An Teanga Bheo

    Fear farraige maith a bhí ann, agus sabháil sinn ar mhuir is ar thír

  • Seosamh Ó Cuaig

    Ní thuigim é seo.