An té a déarfadh é sin d’aithneodh sé magadh thar dáiríre agus thuigfeadh sé an té a bheadh ar mhaithe leis thar an té nach mbeadh.
Leagan cainte é ar bhain Joe Steve Ó Neachtain úsáid éifeachtach as agus é ag caoineadh a chara agus a chomhaisteora, Diarmaid Mac an Adhastair:
B’fhurasta é a chur in adharc an chochaill
I dtús ama
nuair a thosaíodh an spochadh,
sáiteáin bheaga i dtaobh Bhéal an Daingin
ag lasadh coinneal ina shúil
agus stropa mionnaí móra
ag cur lucht na sáiteán
i ndiaidh a gcúil.
Ach tá acmhainn grinn ag an sliocht dár díobh muid
a aithníonn an tochas thar an scríobadh,
tuigeann mianach na ndán a chéile
is aibíonn an greann sa gcroí atá éadrom.
Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal scríobadh nó an focal tochas iontu:
Gach duine ag tochas ar a ghearbóg féin – ag obair ar mhaithe leis féin. Déarfaí freisin go mbeadh duine ag tochras ar a cheirtlín féin ach ní mar a chéile tochas agus tochras.
Bíonn a fhios ag chuile dhuine cá mbíonn an tochas air féin. Sea agus níl a fhios ag aon duine cá luíonn an bhróg ar an duine eile.
Galar gan náire an tart ach sháraigh an tochas é.
Tart, tochas, grá— na trí ní nach féidir a cheilt.
An fhad is a bheifeá ag tochas do chluaise.
Tochas agus díth ingne—eascaine Chromail.
Tochas do dhroma ní bhfaighfeá ar na muca.
Ba cheart tochas a bheith ar do shrón aréir mar bhí muid ag caint ort.
Meanmnaí De le dea-scéal a deirtí le tochas sa bpolláire deas, comhartha dea-scéil.
Mura n-éistfidh tú bainfidh mise an tochas díot le haon bhuille amháin.
Dá mbeadh scríobadh ar bith acu sa mbaile ní imeodh a leath go Sasana —dá mbeadh obair éigin acu, fiú scríobadh na talún ar nós na circe.
Ag scríobadh leis an nganntan, leis an mbochtaineacht.
Nuair a bhíonn an cat ag scríobadh go feargach tiocfaidh an stoirm feargach.
Is maith an rud a bheith ag scríobadh leis an uaisle.
Fuair sé ina bhéal é mar a fuair an mada scríobadh an phota.
Is iomaí fear nár ól ariamh pingin ag scríobadh na déirce is a mhála ar a dhroim.
Scríobadh an chrúiscín – an páiste is óige sa gclann.
D’aithneoinn mo scríobadh thar mo thochas. Nach deas é?
Cathal Póirtéir
Tart, tochas agus grá – trí ghalar gan náire, a deirtear fosta.