Nach deas é? Dachta mhille agus cuthach tintrí…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Dachta mhille agus cuthach tintrí…

Is fada mé ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoin leagan cainte sin. Nuair a bhí mé i mo bhuachaill óg bhínn in éineacht le m’athair scaití ag déanamh coca féir san iothlainn.

Mise a bhíodh thuas ar an gcoca agus eisean ag píceáil an fhéir chugam. Obair a bhí inti nár thaitin liom. Bhíodh m’athair ag píceáil ar a mhíle dícheall. Fear a bhí ann a raibh an-dúil i dtobac aige. ‘Tá sé ag cinnt orm an píopa a choinneáil lasta le teann dachta mhille agus cuthach tintrí,’ a deireadh sé.

Shíl mise gur ‘darta mhire’ a chloisinn.

Ach ansin an lá faoi dheireadh cuireadh ar mo shúile dhom go bhfuil ‘dachta mhille’ sa liosta focal a chuir Tomás de Bhaldraithe le chéile, Foirisiún Focal as Gaillimh. Mioscais nó fonn oilc a thug De Bhaldraithe air.

Ba bhreá liom a fháil amach cén bunús atá leis na focail sin, ‘dachta mhille’. Bíonn scoláirí móra Gaeilge ag léamh Tuairisc.ie agus b’fhéidir go mbeadh an freagra ag duine acu dúinn.

Maidir leis an bhfocal cuthach, d’fhéadfadh an-chuthach cainte a bheith ar dhuine, sin dúrúch nó racht cainte. Bíonn cuid de na daoine ag dul le buile cuthaigh, nó le buile feirge.

Bheadh cuthach troda ar an té a bheadh ar thóir achrainn. Ba mheasa ná sin dá mbeadh cuthach tintrí air. Chasfaí duine tintrí ort ó uair go chéile, duine a mbeadh sé éasca olc a chur air nó uirthi. Bíonn súile tintrí ann agus teas tintrí. Stoirm an-gharbh a bheadh inti dá mbeadh sé ina stoirm thintrí. Bíonn galar sách dona nuair a iompaíonn sé ina fhiabhras tintrí.

Cogadh tintrí an Ghaeilge a cuireadh ar an bhfocal Gearmáinise Blitzkrieg.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Dachta mhille agus cuthach tintrí…'