NACH DEAS É? Cúram na scuaibe á chur ar shop…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Cúram na scuaibe á chur ar shop…

Tá seanfhocail in ann éirí súchaite leadránach i bpíosa scríbhneoireachta má bhaintear úsáid as an iomarca acu. Is é an té atá in ann casadh nua a bhaint as seanfhocal an scríbhneoir cumasach.

Casadh sampla de sin liom i leabhar Bhreandáin Uí Eithir Sionnach ar mo Dhuán.

Iarradh ar an té a bhí sa scéal a dhul ar theachtaireacht faoi leith ach bhí a fhios aige go maith gur duine eile a chuirfí ann dá mbeadh an duine sin ar fáil. Thuig sé go raibh ‘cúram na scuaibe á chur ar shop’.

Is iomaí leagan eile a chuir an chaint sin faoin sop i gcuimhne dom. D’fhéadfadh rud a bheith chomh héadrom le sop. An té a mbeadh iomarca dúil san ól aige d’ólfadh sé an sop as an tsrathair. Cosúlacht báis sop i ndiaidh na circe a deirtear. Má fheictear sop ar chearc taobh thiar sin comhartha go bhfaighidh duine de mhuintir an tí bás roimh lá agus bliain.

I dteach ceann tuí a tógadh mé agus ba mhinic a chloisinn m’athair á rá le linn stoirme nach bhfágfaí cleith ná sop ar an teach. ‘Gan cleith, sop ná adhmad nár imigh le gaoth,’ a dúirt an file as Iorras, Riocárd Bairéad, i gceann dá chuid dánta.

Tá an véarsa seo i gceann d’amhráin Chúige Uladh:

Má phósann tú an táilliúir is tú a bheas ag caoineadh,

A mhuirnín díleas is fhaoileann óg,

Beidh sop i mbéal an dorais aige mar a bheadh mada ar charnán aoiligh,

A mhuirnín díleas is fhaoileann óg.

Bhíodh táilliúirí ag obair agus iad ina suí ar charnán soip i mbéal an dorais mar nach mbíodh fuinneoga ar na tithe de bharr go ngearrtaí cáin orthu. San ochtú agus san naoú haois déag gearradh cáin ar thithe de réir an méid fuinneog a bhíodh orthu.

Seo leaganacha eile a bhfuil an focal sop iontu:

Tá an sop séidte: tá an t-achrann tosaithe.}

Tá suaimhneas ar sop aige: tá sé sásta lena bhfuil aige.

Chuimil sé sop na geire dhe: d’fhág sé ansin é gan aird a thabhairt air níos mó.

D’imigh sé mar ghal soip.

Níl suim soip aige i mo scéal.

Ní thabharfainn sop tuí air: ní thabharfainn tada air.

Beidh sé agat anois le iontú (iompú) an tsoip: ar an bpointe boise.

Níor chuala mé a leithéid riamh ó caitheadh ar an sop mé: ó rugadh mé.

Sna soip; ar leaba luí seoil.

Sopadóir a thugaidís ar thuíodóir in Árainn.

Cúram na scuaibe á chur ar shop… Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Cúram na scuaibe á chur ar shop…'