NACH DEAS É? Cuirfidh mise claí páipéir air…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Cuirfidh mise claí páipéir air…

Cuirfidh mise claí páipéir air, a dúirt fear a raibh beithígh na gcomharsan ag dul i mísc, i mbradaíl agus ag déanamh foghla air. Dá mbeadh claí teorann níos fearr ar do gharraí  ba mhór an cuidiú é, a dúirt cara leis.

Cuirfidh mise claí páipéir air, a dúirt mo dhuine.

Is éard a bhí i gceist aige leis sin go dtabharfadh sé a chomharsa chun cúirte agus go bhfaigheadh sé ordú dlí na beithígh a choinneáil as.

Deirtear gur claí teorann an chomharsa is fearr a bhí ag aon duine ariamh. Deirtear freisin nach fiú fál a chur ar an ngort tar éis na foghla.

Níl aon mhaith ach an oiread a bheith ag cur claí timpeall goirt leis an gcuach a choinneáil istigh.

Seo roinnt leaganacha eile faoin gclaí:

Ná léim thar an gclaí gan breathnú thar a bharr.

Ní dochar a bheith ag éisteacht le claí ag titim ach tú a bheith tamall uaidh.

Is maith an t-iománaí an té atá ar an gclaí.

Bíonn cluas ar an gcoill is bíonn dhá thaobh ar an gclaí.

Níl aon ghar ag dréim leis an gclaí atá ard.

Mar a dúradh san amhrán:

Is fear gan chiall a rachadh ag dréim leis an gclaí atá ard,

‘S claí íseal lena thaobh ar a leagfadh sé a lámh.

Guí falsóra:

Gaoth aniar is grian ó dheas,

Claí ard is cead sínte lena ais.

Cuirfidh mise claí páipéir air… Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Cuirfidh mise claí páipéir air…'