NACH DEAS É?: Coinnle geala i ngach fuinneog lasta…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É?: Coinnle geala i ngach fuinneog lasta…

Beidh coinnle geala i ngach fuinneog lasta agus tine mhóna ar theallach adhanta, a dúirt Máirtín Ó Direáin agus é ag cur síos ar an Nollaig in Árainn. Is deas an pictiúr Nollag é, cé gur coinnle leictreacha is coitianta anois agus gur gearr a bheas aon tine mhóna ceadaithe.

Is iomaí cineál coinnle ann: coinneal chéarach, coinneal, gheire, coinneal feaga, coinneal ghiúise.

Seo leaganacha cainte atá bunaithe ar an gcoinneal:

Bhí coinneal ina shúil—bhí cuthach feirge air.

Clann na coinnle báite — dream a cuireadh faoi choinnealbhá.

Coinneal faoi dhabhaich—nuair a choinníonn tú i bhfolach do chuid ábaltachta agus do dhea-thréithe. Tá tagairt dhó sin ag Matha sa mBíobla: ‘Ní lastar coinneal chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.’

An choinneal airneáin a chaitheamh—a bheith ag obair deireanach san oíche.

Ó loisc tú an choinneal loisc an t-orlach – ó chuaigh tú chomh fada seo críochnaigh é.

Bhí a choinneal caite – bhí a ré ar an saol thuas.

Ní choinneodh sé coinneal dhó—ní raibh aon ghair aige air.

Ní raibh sé riamh gan an choinneal nó a hábhar—bhí rud i gcónaí aige.

Mo choinneal chéarach thú —ráiteas molta do dhamhsóir nó d’amhránaí maith.

Tá bláth ann ar a dtugtar coinneal Mhuire. Thugtaí é sin freisin ar éadach dearg a cheanglaítí ar eireaball na bó tar éis di lao a bhreith. Pisreog a bhí ann.

Tá bláthanna eile ann ar a dtugtar coinnle corra.

Bhítí ag trácht ar choinneal adhanta sa litríocht – laoch misniúil.

Coinneal bhraonáin a thugtaí scaití ar bhiorgadán, birín seaca, réadóg.

Coinnle geala i ngach fuinneog lasta… Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Coinnle geala i ngach fuinneog lasta…'