NACH DEAS É? Codladh na súile oscailte

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Codladh na súile oscailte

Nach deas é? Codladh na súile oscailte

Coladh na súile oscailte.

Sin é a bheadh ar dhuine a bheadh ag aislingeacht, ag déanamh caisleáin óir.

Ach ar ndóigh tá an gnáthchodladh ann i gcónaí agus beidh an fhad is a bheas daoine sa saol.

Ní raibh néal orm ach an oiread leis an eascann, a déarfadh duine a ndeachaigh a chodladh amú air.

Ó chuaigh mé a chodladh aréir gur éirigh mé ar maidin níor leag mé mo shúile ar a chéile a déarfadh duine eile.

Is iomaí cineál codlata ann.

Seo cuid acu: codladh sámh, codladh corrach, codladh sócúlach, codladh gé, codladh mar a bheadh rón ann, codladh beag, codladh go headra, codladh giorria, codladh an tsicín, codladh an traonaigh, codladh na Caillí Béarra.

Codladh geimhridh a dhéanann cuid de na hainmhithe.

Dfhéadfadh tromchodladh a bheith ort – tú a bheith ag siúl i do chodladh fiú amháin.

Chodlóinn ar an uisce, ar bharr píce, a déarfá dá mbeifeá tugtha traochta.

Codladh ina dhúiseacht a thabharfaí ar dhuine mall nach mbeadh aon ghearradh ann.

Bíonn an codladh púicín ann – múchadh scéil.

Mar a dúirt fear Mhionlaigh ‘faoistean muga magaidh acur codladh púicín ar an sagart’.

Ní nach ionadh, cumadh seanfhocla faoin gcodladh:

Codladh buan an bás.

An té a dtéann cáil an mhochóra amach air tig leis codladh go nóin.

An rud is milse amuigh codladh.

Trí bhua an duine dhona, cuairt fhada tí na comharsan, codladh go headra, drochfhál.

Ná déanadh muid dearmad ach an oiread go mbíonn an Ghaeilge a chodail amuigh ann.

Codladh na súile oscailte. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Codladh na súile oscailte'

  • Mochóir

    Codladh na súile oscailte: an codladh ar leathshúil dúnta atá i gceist agat?
    Codladh na súl oscailte?