Bíonn sop féir ann agus sop tuí.
Chuirtí sop ar an teach fadó—díon tuí. Cuirtear sop faoi eallach.
Seo leaganacha éagsúla cainte a bhfuil an focal sop iontu:
Tá an sop séidte—tá an lasair sa bharrach, tá an troid tosaithe.
Níl ann ach sop in áit na scuaibe—duine mí-éifeachtach in áit duine éifeachtach.
Dul chun soip—dul ar an leaba.
Sop de dhuine – cleiteachán gioblach.
Gal soip—rud nach maireann i bhfad. Rith searraigh, lena rá ar bhealach eile.
Sop na geire a chuimilt de dhuine – é a fhágáil ansin, gan aird a thabhairt air níos mó.
Liam na sop—Seán na Gealaí, tine ghealáin.
Níor fágadh cleith ná sop ar an teach – scuabadh an díon de.
D’ólfadh sé an sop as an tsrathair.
Níor fhág sé sop ina shrathair – le fearg, le gáirí, le fonn drúise srl.
Níl suim soip acu i mo chás.
Chomh héadrom le sop.
Ní thabharfainn sop tuí air.
Ag sopaireacht a bhíonn cráin nuair a bhíonn sí ag bailiú soip le leaba a dhéanamh.
Sop i mbéal dorais – pillín tuí ag an doras a mbíodh táilliúir ina shuí air fadó le cáin na bhfuinneog a sheachaint.
Bó sopaí – bó a gcaithfí beagán féir a thabhairt di lena coinneáil socair an fhad is a bheifí á bleán.
Ná santaigh an clóbhas a mbeidh sop ar a bhróga. Is ionann clóbhas agus cábóg.
Beidh mé agat le tiontú an tsoip – ar an bpointe boise.
Sásamh na sop níor thug mé dhó.
Níor chuala mé a leithéid de scéal ó caitheadh ar an sop mé.
Bhí an bhean sna soip – ar leaba luí seoil.
Tá sé ar an sop—ar leaba an bháis.
Is minic a réitigh mé mo phíopa le sop tuí.
Bhí sé seo in amhrán:
Tá seanbheainín idir dhá Inbhear;
Níl aici ach aon chaoirín amháin
Níl gráinne tobac ina píopa
Ach sop aici aníos ann go barr.
Seán Ó Neachtain
Bhí sé sa gcaint thart anseo — ó leagadh ar an sop mé = ó rugadh mé