Fear a raibh daoine ag obair aige a bhí i gceist. Is cosúil gur bheathaigh sé go maith iad. Choinnigh sé an ‘pan’ ag meigeallach i gcaitheamh an lae, a dúirt duine acu ina dhiaidh sin. Choinnigh sé neart feola ar an bhfriochtán lena rá ar bhealach eile.
Gabhar a bhíonn ag meigeallach go hiondúil ar ndóigh. Chuir sin ag cuimhneamh mé ar an nglór a bhíonn ag ainmhithe eile agus ag éanacha:
Gadhar–ag tafann, ag sceamhaíl, ag drannaíl, ag amhastrach.
Caora – ag méileach.
Cat – ag meamhaíl, ag meabhlach, ag crónán, ag cnúdán.
Lao – ag mionghéimneach.
Éan – ag bícearnach, ag gíogadh.
Capall – ag seitreach, ag cuachach.
Leon – ag búireach, ag búiríl.
Cearc – ag grágaíl, ag glaoch.
Coileach – ag glaoch, ag scairteadh.
Turcaí – ag gogallach.
Lacha – ag grágarsaíl, ag vácarnach.
Ulchabhán – ligeann sé scréach as, bíonn sé ag glaoch.
Caróg – ag grágaíl, ag cágáil, ag agallach.
Colúr – ag durdáil, ag corracú, ag ceiliúr.
Cuach – ag goiriúint, ag goirm.
Bréanann Ó Catháin
Is focal é, gríosóir, ar friochtán de réir An Duinníneach.
Seosamh Ó Cuaig
Gríoscán an focal Gaeilge atá ar griller