NACH DEAS É? Castar na daoine ar a chéile ach scaipeann an víreas dá réir

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Castar na daoine ar a chéile ach scaipeann an víreas dá réir

Níl mé ag fáil aon suaimhneas ó na leaganacha cainte seo.

Tá siad ag baint chodladh na hoíche díom:

  1. Chomh spreabhsach le Popeye.
  2. Chomh tiubh le saighdiúirí Mheiriceá ag dul trí Aerfort na Sionainne.
  3. Chomh folamh le gealltanas polaiteora roimh thoghchán.
  4. Chomh hannamh le dea-scéala faoi Shinn Féin san Irish Independent.
  5. Castar na daoine ar a chéile ach scaipeann an víreas dá réir.
  6. Níl olc i dtír nach fearrde an creach-chiste.
  7. Ag preabadh leis mar a bheadh dreoilín teaspaigh ann.
  8. Chomh líonmhar le druideacha i ngarraí beag Derek Mooney.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Castar na daoine ar a chéile ach scaipeann an víreas dá réir'