D’fhoghlaim mé focal nua an lá faoi dheireadh, cadramán. Fear as Contae Ros Comáin a chuir ar mo shúile dhom é. Duine míshibhialta a bhfuil béasa garbha aige é an cadramán. Tá go leor focal eile ann a d’fhéadfaí a thabhairt air. Seo cuid acu: abhlóir, búiste, búr, lábánach, ruacán, amhlán, ceithearnach, daoi, daoiste, lóma, túitín, borrach méise, bromach de dhuine.
Codromán agus ní cadramán a bhí acu i Ros Muc. Duine leisciúil faillíoch a bhí ann a deiridís.
Duine den chineál céanna é an codaí: fear réchúiseach nach mbíonn mórán fonn oibre air.
Duine dorcha dúnárasach a bhí sa gcodaí i Mionlach. Bhí míniú eile ag Tomás Ó Máille air: duine mall gan ghearradh nach ndéanann mórán maitheasa ach ag righneáil thart.
Bhí an codal acu i gCois Fharraige agus tá fós déarfainn: duine socair simplí, neamhurchóideach.
Cadramán d’fhear é sin. Nach deas é?
Fág freagra ar 'Nach deas é? Cadramán d’fhear é sin…'