NACH DEAS É? Cá bhfágfadh sé é?

Cá bhfágfadh sé é? Dá gcloisfeá an chaint sin níor cheart duit a cheapadh go raibh rud eicínt le fágáil ag duine in áit eicínt agus nach raibh sé cinnte cén áit. Dá ndéarfaí leat gur slis den tseanmhaide é ní gá gur píosa de mhaide siúil a bheadh i gceist. Is éard a bheifí […]

NACH DEAS É? Cá bhfágfadh sé é?

Cá bhfágfadh sé é?

Dá gcloisfeá an chaint sin níor cheart duit a cheapadh go raibh rud eicínt le fágáil ag duine in áit eicínt agus nach raibh sé cinnte cén áit. Dá ndéarfaí leat gur slis den tseanmhaide é ní gá gur píosa de mhaide siúil a bheadh i gceist. Is éard a bheifí a chur i gcéill go ndeachaigh duine i gcosúlacht lena thuismitheoirí, go raibh na tréithe céanna ann.

Seo bealaí eile lena rá:

Thug sé as broinn é.

Ní ón ngaoth ná ón ngrian a thug sé é.

Thug sé leis ó dhúchas é.

Níor thréig sé a dhúchas.

Níor shéan sé a ghaol leo.

Níor thit an t-úll i bhfad ón gcrann ann.

An soitheach a mbíonn an fíon ann, fanann an mianach sa gclár.

Cuid den mhuc an t-eireaball.

Céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú?

Briseann an dúchas trí shúile an chait.

An rud a bhíonn sa gcú bíonn sé sa gcoileán.

Is treise dúchas ná oiliúint.

Cá bhfágfadh sé é? Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Cá bhfágfadh sé é?'

  • Sinéad Ní M

    Cá bhfágfadh sé é? agus “Cuid den mhuc an t-eireaball” a ritheann liom i gcónaí. Ábhar machnaimh an cuid eile.