D’fhéadfadh bruth tarta a bheith ar dhuine, go háirithe bruth an óil – tart na póite. Tagann bruth as tinneas. Bruth is teas tús tinnis, a deirtear.
Tagann bruth toirní scaití—meirbhe san aimsir roimh thoirneach.
D’fhéadfadh bruth míoltóga a bheith in áit. Is é sin le rá go mbeadh go leor nó púir acu ann.
Bhíodh caint sna seanscéalta ar chlaíomh na seacht mbrutha. Chaithfeadh sé gur claíomh a bhí ann a raibh faobhar maith air.
Bruth faoi thír a thugtar ar an bhfeamainn nó an turscar a thugann nó a chuireann an tonn i dtír.
Bruth farraige í an tonn mhór a bhíonn ag coipeadh agus ag bruth agus ag briseadh, mar a dúirt an file Mícheál Mac Suibhne:
‘An tú Neptune ón muir bháite/ Thóigeas bánbhruth le neart na gaoith?’
Nuair a bhíonn na fataí ag fás go maith deirtear go mbíonn siad ag teacht aníos ina mbruth.
Bruth a thugtaí ar dheoch a dhéantaí le plúr is bainne do pháistí.
Tharlódh sé go mbeadh bruth féasóige ort agus go dteastódh tú a bhearradh.
Tá bruth a ladhar [bruith laidhre] air a déarfaí faoi dhuine a mbeadh deifir air.
Bheadh leat dá mbeifeá lán de bhruth agus de bhorradh.
Dá ndéarfaí gur tháinig an bruth ar fad ort b’ionann sin agus a rá go raibh tú ag déanamh neamhshuim de chúrsaí.
Bruth a thugadh cuid de na daoine ar an lios nó an garraí a bhíonn ar an ngealach.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Bruth is teas tús tinnis…'