NACH DEAS É? Bíonn blas milis ar bhrachán na gcomharsan

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Bíonn blas milis ar bhrachán na gcomharsan

Chomh milis le mil.

D’fhéadfá chomh milis le sú craobh a rá freisin.

Bíonn blas milis ar rudaí seachas a chéile.

Is iomaí rud a bhíonn milis go deimhin. Seo cuid acu: tae milis, feoil mhilis, bainne milis (bainne úr), cáca milis, maide milis, greim milis (goblach). Greimín milis a thabharfá do pháiste.

Cloistear ceol binn milis na n-éan agus dúirt Seathrún Céitinn gur milis an teanga an Ghaeilge.

Bíonn teanga mhilis ag cuid de na daoine. Bíonn siad milis le daoine eile. Dream iad a bhíonn ag déanamh bladair agus plámáis.

Ní bréag a rá go mbíonn siad milisbhriathrach. Tá muid an-mhilis le chéile, a dúirt fear uair amháin, ach b’fhéidir go dtiocfadh an lá gurb é an searbhas ár gcuid de.

Seachain gleacaí milis sleamhain a chomhairlítí dhúinn. Tharlódh sé go mbeadh a leithéid de dhuine milis os comhair do chuid súl is searbh taobh thiar de do dhroim.

Milis spléach ar bheagán caillteanais a bheadh slíomadóir de chara. Bheadh briathra milse aige is gan aon chur leo.

Tá ciall eile le béal milis freisin agus is é sin a bheith ceanúil ar rudaí milse.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal milis iontu:

Bíonn an mhil go milis ach bíonn an bheach cealgach.

Níl a fhios ag súil dá ghrinne an searbh nó milis an deoch, go mblaise an béal di.

Is milis an rud a fhaightear go hannamh.

Bíonn blas milis ar bhrochán na gcomharsan, is é sin gur mó meas a bhíonn againn ar rud duine eile, nó nach mbíonn dóthain measa againn ar an rud atá againn féin.

Más milis mil ná ligh den driseog í.

Más searbh an fhírinne is milis an bhréag ar uairibh. Chuirfeadh sin i gcuimhne dhuit an fear a bhí sa scéal ag Micheál Breathnach, Michael Phatch as Gleannach Muirinn [Gleann Mhac Muirinn], fear a dúirt nár inis sé aon bhréag ariamh ach san áit nach bhfeilfeadh an fhírinne.

Cuir blas milis ar do bhéal féin le do phingin féin.

Is milis an rud an t-anam.

Is milis an féirín í an tsláinte agus is searbh a bheith gan í.

Is dubh í an sméar ach is milis í.

Is maith á ól ach is searbh á íoc é.

Ba mhór i gceist ag na filí an béilín milis tanaí tláith deas. Is milis liom do phóigín agus phógfainn go milis do bhéal, a deiridís.

Tá siad á rá gur tú béilín milis na bpóg a dúirt file acu faoi bhean.

Is bladartha milis do chuireadh sin cluain ar mhnáibh, an moladh a rinneadh ar fhear a bhí go maith á mbréagadh.

Sea ach féach ar an rann seo:

Milis glór gach fir ,

A mbíonn cuid aige is spré:

Searbh glór an té a bhíos bocht,

Bun os cionn a labhraíos sé.

Milis liom labhra do bheoil a dúirt Pádraig Mac an Liondain.

Dúirt Seán Clárach Mac Domhnaill caint den chineál sin faoi shagart a raibh meas aige air: milse ná mil do sheanmóir.

Bhí file eile ag moladh an phoitín agus seo é an chaoi ar chuir sé é;

‘Mo bheannacht go brách ar sheaneorna mo thíre/ Más garbh a ceann…och!…is milis a sú.’

Bíonn blas milis ar bhrochán na gcomharsan. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Bíonn blas milis ar bhrachán na gcomharsan'