Dá gcloisfeá gur bhuail duine bleid ar dhuine eile níor cheart dhuit a cheapadh láithreach gur bualadh, rúscadh nó broicneáil a thug sé dhó.
B’fhéidir gurbh é an chaoi a ndeachaigh sé chun cainte leis. Bleidire a thugtar ar dhuine a bhíonn ag tláithínteacht le duine eile. Ní bhíonn mórán fáilte roimh dhuine den tsórt sin. Duine cabach, ladúsach a bhíonn ann go hiondúil.
Ag dranntánach thart a bhíonn duine mar é.
D’fhéadfá a rá gur chuir duine caidéis ar dhuine eile. Sea agus siúite, speic nó spraic a chur air. Ansin aríst b’fhéidir nach gcuirfeá fuisiú ar bith air. Focal as Ros Muc é fuisiú. Chuaigh sé tharam gan fuisiú ar bith a chur orm a deiridís.
Tá an leagan cainte forrán a chur ar dhuine ann freisin. Aighneas is mó a bhíonn i gceist leis. D’fhéadfadh forrán feirge tú a bhualadh an-éasca freisin. Mire agus dásacht, fearg agus forrán a chonaic mé scríofa in áit amháin.
Tagairt amháin eile don fhocal bleid: dún do bhleid, a deiridís i Maínis; dún do bhéal.
Bhuail sé bleid air… Nach deas é?
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Bhuail sé bleid air…'