NACH DEAS É? Bhuail sé barróg uirthi

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Bhuail sé barróg uirthi

Dá gcloisfeá gur bhuail sé barróg uirthi ní a fáisceadh lena chroí a rinne sé, b’fhéidir, ach bheadh sé gar go maith dhó.

Tá sé seo san amhrán ‘Ceo Meala Lá Seaca’:

An cuimhin leat an oíche a bhíomar ar an bhfuinneoig,

A rug tú ar láimh orm is gur fháisc tú orm barróg?

Shíneas-sa síos leat is ’mo chroí ní raibh urchóid,

Is bhí mé ’do chomhluadar nó go gcuala mé an fhuiseog.

Bíonn barróg cheana agus barróg mhuirneach ann. Ná fiafraigh dhíom cén difríocht atá eatarthu, má tá.

Ní bheadh sé inrásta ag fear barróg a bhualadh ar bhean ar na saolta deireanacha seo gan cead a bheith faighte aige roimh ré. Mar a tharla thugtaí barróg ar chailín óg freisin.

Go deimhin ní chomhairlítear d’fhir ná do mhná tabhairt faoi anois agus Covid-19 san aer. Ach déantar é. Tabhair faoi deara gur bhuail Katie Taylor agus a céile comhraic barróg ar a chéile tar éis an chomórtais dornálaíochta a bhí eatarthu le gairid.

Déarfá leat féin nach beart é a bhí ag comhlíonadh na rialachán atá i bhfeidhm leis an víreas a sheachaint.

Fáisceann beirt a bhíonn ag coraíocht barróg ar a chéile.

Deirtear linn gur as an bhfocal barróg a tháinig ‘brogue’ an Bhéarla. (Gliscín a bheith ar theanga duine. A bheith briotach sa gcaint).

Cuirtear barróg ar sheol nó ar an jib tar éis na cúrsaí a bheith ceangailte nuair a bhíos gála ann, i.e. binn íochtarach an tseoil a chrapadh agus a cheangal den bhúm. Ribíní a bhíos ann lena gceangal.

Seo bealach eile lena mhíniú: castar róipín thart go crua ar an jib agus tugann sin an dá aighre le chéile, anuas chomh fada agus is mian leat; fágann sin an jib laghdaithe.

Éist leis seo as an amhrán ‘Bríd Ní Ghaora’:

Bhí dhá chúrsa ceangailte agam is barróg ar an seol

Is níor scar mé le Ceann Galúna nó go dtáinig mé isteach sa ród.

Aríst eile thugtaí barróg ar éadach garbh a dhéantaí as inneach barraigh agus dlúth olla nó dlúth lín. (As an éadach sin déantaí brait bharróige, sin brait leapan throma a chuirtí taobh amuigh de na pluideanna).

Tá cúpla míniú eile ar a laghad ar an bhfocal barróg: slaitíní beaga agus tuirnicéad (ceangal barróige). Cén mí-ádh a bhí ar an té a d’athraigh ceangal barróige go tuirnicéad?

Barróga geala a bhíonn ar na tonnta nuair a bhíonn cúr bán orthu.

Bhuail sé barróg uirthi. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Bhuail sé barróg uirthi'