Nach deas é? Bhí sé ar steallaí dearga mire…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Bhí sé ar steallaí dearga mire…

Bhí sé le ceangal. Sin é a déarfaí faoi dhuine a mbeadh olc an domhain mhóir air. Is iomaí bealach eile lena rá:

Dearg le fearg a bhí sé. Tháinig racht feirge air. Taom feirge a bhuail é. Bhí cuthach air. Bhí fíoch air. Bhí sé ar na daoraí, bhí sé le craobhacha nó le báiní nó ar buile. Bhí sé spréachta nó fraochta nó spadhartha nó oibrithe nó corraithe nó gairgeach. Bhí sé ag fiuchadh le fearg nó bhí sé ar mire.

Bhí sé ar steallaí dearga mire, é coipthe nó i mbarr a chéille. Bhí an ghoimh air.

Bhí fiúnach air.

Tabharfaidh sibh faoi deara gur ‘é’ a bhíonn i gceist i gcónaí. Rud é nach mbíonn ar na mná ar chor ar bith.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Bhí sé ar steallaí dearga mire…'

  • sadhb

    D’éirigh sé in airde ar a chosa deiridh chuige. Bhí conach air. Tháinig straidhin air. Is iad na mná a bhíons thíos leis an míchéatacht seo ar fad. Vide …Mark Hennessy srl srl.

  • Carraig

    Is mithid an focal breá sin ‘riastradh’ a athnuachan agus a chur i gcúrsaíocht. Daoine a dhéanann ainghníomhartha, gabhann ‘riastradh’ iad, deirtear linn, agus iad faoi thionchar drugaí go rímhinic. Amhail Cú Chulainn anallód? Ach gníomhartha gaile is gaisce a dheineadh sé siúd!