Dá gcloisfeá ráite é faoi bhean eicínt go bhfuair sí scoil níor cheart duit a cheapadh láithreach gur múinteoir a bhí intí a bhí ar thóir poist agus gur éirigh léi scoil fheiliúnach a aimsiú sa deireadh. D’fhéadfadh sé gurb éard a bheadh i gceist ag an gcainteoir gur bean a bhí inti ar cuireadh oideachas uirthi.
Ní raibh focal scoile ar bith aige/aici a deirtí. Ní raibh mé ag an scoil ariamh agus níl aon scoil agam, a déarfadh duine eile. Bhí scoil mhaith Bhéarla aige. Bhí an t-an-scoil Ghaeilge aige.
Cailín óg í a fuair scoil is foghlaim a dúradh san amhrán faoi Mháirín Seoighe.
Thug mé scoil dhuit is beagán múinte, a dúirt Máire Ní Mhongáin san amhrán agus í ag caoineadh duine dá clann mhac a bhí imithe gan tuairisc thar lear.
Thógadar le scoil agus léann é a dúradh faoi mhac i scríbhinn eile.
Nuair a bhí mise agus mo dheartháir inár mbuachaillí scoile bhíodh ár n-athair a’ rá lenár máthair agus é leath dháiríre gur iomarca scoile a bhí ag dul orainn.
‘Ní bheidh siad in ann iomaire fhataí a chur, móinfhéar féir a spealadh ná portach móna a ghróigeadh,’ a deireadh sé.
‘Má bhíonn oideachas orthu gheobhaidh siad post in áit eicínt,’ a deireadh sise.
‘An fhad agus a bheadh an oiread scoile acu agus a chuirfeadh marc ar an gcaora bheadh a ndóthain ann,’ a d’fhreagraíodh seisean.
Ba í teoiric m’athar ar bhealach a bhí ag Gearmánach a bhí ag siompóisiam faoi chúrsaí oideachais in ollscoil anseo in Éirinn. Bhí ollamh ag déanamh gaisce as an líon an-mhór daoine a bhfuil céim ollscoile acu sa tír seo.
‘Yes,’ a dúirt an Gearmánach ‘but who will do the vork?’
Padraic
Is minice a chloisinn go raibh scoil ar dhuine seachas ag duine.
Padraic