NACH DEAS É? Bhí buille ar chut is ar mhada aige…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Bhí buille ar chut is ar mhada aige…

Is minic a chuala mé an leagan tháinig sé anseo is buille ar chut is ar mhada aige.

Bheadh an té sin ag casaoid, ag ceasacht, ag caisíneacht, ag cásamh, ag cearbháil, ag ciarsán, ag drantánacht, ag cnáimhseáil, ag tabhairt amach, ag ithe, ag gearradh, ag cáineadh, ag banrán, ag lochtú.

Tá na línte seo san amhrán ‘An Rógaire Dubh’:

Cailín tí móir go deo ní ghlacfaidh mé, bíonn sí nuallghuthach, stuacach, feargach.

Bíonn buille ar gach ní, ar chut is ar mhada aici. amach sa meánoíche bíonn focal na faire aici.

Chuir sin i gcuimhne línte as amhrán eile: leagan atá ag Colm Ó Méalóid den amhrán ‘Máire Mhór’:

Bhí “yes” aici is bhí “no” aici agus ar ndóigh bhí “what not” aici, ach murach lucht an Bhéarla chuirfinnse “dandy cap” uirthi.

Níl a fhios agam fós céard a chiallaíonn “focal na faire” sa meánoíche. Chuirfinn fáilte roimh eolas faoi. B’fhéidir go mbeadh tuairim eicínt ag Lillis Ó Laoire, ag Antaine Ó Faracháin, ag Máirtín Chóil Neaine Pháidín nó ag Peadar Ó Ceannabháin.

Bhí buille ar chut is ar mhada aige… Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Bhí buille ar chut is ar mhada aige…'

  • Pól Ó Braoin

    Bíonn focal na faire amach sa meánoíche aici…
    Bíonn sí san airdeall… súil ghéar amach aici… amach sa meánoíche…
    Grmma faoin alt breá suimiúil sin, a Sheosaimh…

  • Lillis Ó Laoire

    Bíonn leacacha an tí móir sleamhain!