Sin é a déarfaí faoi dhuine a bheadh ag déanamh iontais an domhain de rud eicínt. Ba dhóbair nár léim na súile as a cheann, lena rá ar bhealach eile.
Mogall na súile a thugtar ar an áit a bhfuil an tsúil suite. Déarfadh daoine eile gurb é claibín na súile atá i gceist. Chloisfeá caint ar mhogall íochtair agus ar mhogall uachtair scaití. Tá mogaill a shúl iata, a dúirt duine éicínt.
Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal mogall iontu.
Bíonn mogaill in eangach.
Maíomh na mogall folamh—ag déanamh gaisce as rud gan mhaith.
Mogall cnónna – roinnt acu le chéile.
Mogall marcshlua – roinnt marcach le chéile.
Tagann mogall ar an ngas sula dtéann sé ina bhláth.
Nuair a bhíonn naoi gcnó ar an mogall agus naoi mogall ar an tslat toradh céadtach a thugtar air.
Bhí an rath sin ar an tír le linn Chormaic Mhic Airt.
Le súgáin agus le buaracha a cheanglaítí an tuí ar na tithe fadó. Mogaill a thugtaí ar an áit a dtrasnaíodh siad a chéile.
Mogall a thugtaí ar pholl in úmacha sheol an fhíodóra.
Ní raibh mogall acu le cur ar a mbéal ar maidin—greim ar bith.
Dheamhan an mogall a tháinig ar an maistreadh seo fós—mogall ime.
Mogall a thugtaí ar sméar mhór dhubh.
Dúirt file an chaint seo faoi bhean eicínt:
Tá folt triopallach ag titim go talamh ina taobh,
Súil thirim i mogall gan chasadh gan chlaon.
Bhí an méid seo le rá ag Marcas Ó Callanáin:
Is mé an mogall ar an gcraobh,
Is beag an ní le go mbeinn ar lár.
Stiofan
Cuid….a chuid leabhar, a chuid eolais, a chuid bróg, ….a dhá shúil, a shúile