‘Tá mo bholg thiar ar mo dhroim leis an ocras,’ a déarfá dá mbeifeá ag déanamh ar Supermacs agus dúil an diabhail agat i mburgar.
Mura dtaitneodh an burgar leat a leagfaí os do chomhair d’fhéadfá a rá leis an bhfreastalaí as an bPolainn ‘nach dtabharfá bolg dó sin’.
Dá bhfaighfeá níos fearr é agus go mbeifeá súch sách tar éis duit slogadh an bhroighill a thabhairt ar an mbia d’fhéadfá a dhul amach sa bpáirc, luí siar ar an bhféar agus fanacht tamall ansin ag déanamh ‘bolg le gréin’.
Dhéanfadh sé maith dhuit, go mór mór dá mbeadh ‘do bholg thíos i do bhróga le dobrón’.
Tharlódh sé go dtiocfadh comhráití leadránacha an bealach a d’inseodh chuile shórt dá mbeadh ‘ina bholg dhuit’.
Ní bheadh ‘bolg ar a anáil’ leis an sruth cainte a bheadh aige.
B’fhearr leat b’fhéidir ‘dá gcoinneodh sé a theanga ina bholg’ ach ní bheadh sé éasca é a chur chun bealaigh.
Bheadh barúil mhaith agat gur ‘bolg bréaga’ a bheadh sé a inseacht dhuit.
“Greadadh i do bholg,” a déarfá faoi d’fhiacail. “Faraor nach ar bholg na sráide atá mé seachas a bheith ag éisteacht le clogarán mar thusa.”
Ach, ar ndóigh, d’fhéadfadh sé gurb é an chaoi a mbeadh ‘a bholg ag comhrá leis’, sé sin gur spreabhraídí meisce a bheadh ar an bhfear bocht.
‘Amach i mboilg an lae’ a bheadh an comhrá seo ar bun nó, lena rá ar bhealach eile, i lár an lae.
Dá mbeadh mo dhuine ag loscadh bréag féin, b’fhearr leat é ná an té a mbeadh ‘an diabhal ina bholg’, nó ina chaipín – duine a bheadh lán le mioscais.
‘As bolg an tsoláthair’ a tharraing mé an scéilín seo. Sin é an t-ainm atá agam ar an mbailiúchán beag atá anseo agam agus ar mór go deo an chabhair é nuair a ghlaonn Tuairisc.ie ag iarraidh 300 focal faoi dheifir.
Bhí a bholg ag comhrá leis. Nach deas é?
padraig
Cuir bolg an tsoláthair sin i gcló ! Is tógáil croí é an saibhreas sin ag Joe,an tseachtain seo go háirithe agus a bhfuil den chinseal ag séideadh ar a mboilg féin agus cuid acu ag bolgadh le tóirtéis. Cuma cen toradh a bheidh ar an toghchán seo pe ar domhan e…bíonn an cinseal ceanna sin go maith dá mbolg!
Seosamh Ó Cuaig
Tá mé anseo, a Phádraig, ag léamh do chuid cainte chomh compórdach is da mbeinn i mbolg na bó.