Nach deas é? B’fhada mar phaiste orm é…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? B’fhada mar phaiste orm é…

Tá daoine ann a bhíonn sách mórchúiseach lena cheapadh gur amhlaidh a náireoidís iad féin nó go ndéanfaidís a bheag díobh féin ach aon teagmháil a bheith acu leis an gcuid eile againn.

Is maith fada a bheifeá ann sula ngabhfainnse i do ghaobhar. Is mairg a thabharfadh an dínáire dó féin do tharraingt-se air.   Is dána an mhaise duit do chur féin i gcomórtas liomsa.

B’fhada mar phaiste orm é.  Nach deas é!

Fág freagra ar 'Nach deas é? B’fhada mar phaiste orm é…'