Nach deas é? ‘Ag sífreoireacht timpeall na bhfocal..’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Ag Tomás Ó Criomhthain a chonac an focal ‘sífreoireacht’ sa chnuasach álainn Réilthíní Óir. Ba mhinic guta cúnta ina lár sa scríobh canúnach sa tslí is go léifí é mar a deirtí é i gceantair fé leith: “sífireoireacht’. Faoin iontráil ‘sirtheoireacht’ (litriú malartach: sireoireacht) atá sé le fáil i bhFoclóir Uí Dhónaill inniu.

Dá raghadh duine chuin sífreoireachta ar scéal, ba bhaol dó dul isteach rómhion ann nó an iomarca des na mionrudaí ann a thabhairt ar barra.

Bhí ‘Ag sífreoireacht timpeall na bhfocal’ i measc na leaganacha a bhí ag an gCriomhthanach, agus an chiall atá leis sin ná focail agus na bríonna atá leo a mheá go cáiréiseach.

Déarfaí le cúrsaí airgid, leis, é, dá mbeifí ag tabhairt cuntaisí chun cinn, is é sin le rá, a’ plé is a’ scagadh cathain a díoladh é seo nó é siúd lena leithéid de dhuine; cé mhéad a fuarthas uaidh agus mar sin de ar aghaidh. ‘Ag sífreoireacht timpeall an airgid’ a déarfaí sa chás san.

Agus duine i mbun eagarthóireachta, is mó uair a’ chloig a thugann sé ag sífreoireacht ar an dteangain is an ábhar araon, ach féachaint le gan dul i bhfad scéil leis ach oiread.

Ag sífreoireacht timpeall na bhfocal – nach deas é?

An Fleiscín

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Ag sífreoireacht timpeall na bhfocal..’'