Cailleach chunórach mar mé fhéin, is minic díomá orm faoi sheafóid agus easpa treallúis na n-óg. Leagan a bhíodh coitianta ag mo Mhamó a choinníonn guaim ar an gclamhsán – ‘níl sé ach ag cur a bháire baoise’.
Ar ndóigh ba mhó den rópa a scaoiltí leis na buachaillí ina gcuid baoise ach mheabhraíodh sí gur iomaí craiceann a chuireann an óige di agus gur chuid den fhoghlaim agus den saol an bhaois. B’fhearr an bhaois a chur díot i d’óige ná bheith i do scódaí cois tine agus an rachmall do bhualadh i do sheanaois.
Ag imirt na báire baoise. Nach deas é?
padraig
saibhreas iontach Gaeilge ag Maire, gura fada buan i.