Nach deas é? ‘A déad mar fhras néamhann’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? Julia Roberts

Is cosúil gur ag cuimhneamh ar mhná a chaitheadh filí na Gaeilge cuid mhór dá saol. Cé a thabharfadh milleán dóibh? Ba mhaith uathu cur síos orthu freisin: “a píob mar an eala agus a com seang singil álainn’, a dúirt duine amháin acu. ‘A grua mar na rósaí’, a bhí i gceist ag duine eile. Sea agus ‘a béilín mar an tsiúcra donn’.

Níor dhearmad siad na ‘cíocha cruinne crochta’ ach an oiread. Ach cén chaoi a gcuirfeá síos ar a cuid fiacla? Tá leagan ann: ‘a déad mar fhras néamhann’. Péarla é an néamhann agus ciallaíonn fras cith nó múr. ‘A déad mar fhras néamhann’. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘A déad mar fhras néamhann’'