NACH DEAS É? Leaganacha nua a tháinig chugam ar eite na gaoithe…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Leaganacha nua a tháinig chugam ar eite na gaoithe…

Seo tuilleadh leaganacha nua cainte a tháinig chugam ar eite na gaoithe:

  1. Feimineach agus fearaíoch
    (macho), sin beirt nach réitíonn le chéile.
  2. Crainnte ar na cnocáin,
    An mac tíre ins na gleanntáin,
    Carr leictreach ag an mboicín saibhir,
    Rothar ag an truán daibhir.
    Sin é Bíobla Chomhaontas Glas.
  3. Dia ár sábháil tá oighearchlúideanna na Graonlainne ag leá as éadan!
    (Tabhair faoi deara gur fuc*ing hell an t-aistriúchán atá ar Dia ár sábháil i bhFoclóir Uí Mhianáin. Tá dhá aistriúchán eile acu ar an allagar Béarla sin, In ainm an diabhail! agus Ar son Dé!).
  4. Cá bhfuil Comhaontas Glas anois? mar a dúirt an bhó nuair a chuir sí púir eile gás meatáin uaithi.
  5. Ní choinneodh Sir Walter Raleigh tobac leis.
  6. Go dtuga an diabhal go Críoch Lochlann thú.
  7. Diabhal aithne air nach é Conor McGregor é.
  8. Chomh gealgháireach le Marty Morrissey.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Leaganacha nua a tháinig chugam ar eite na gaoithe…'