Nach breá a bheith óg, ábalta agus ag imirt do do choláiste

Na mic léinn atá i lár an aonaigh i saol na hiománaíochta na laethanta seo agus Corn Mhic Giobúin faoi lán seoil

Nach breá a bheith óg, ábalta agus ag imirt do do choláiste

Bronnadh an chéad chorn sinsir i mbliana an Domhnach seo caite. Ba iad Seamróga Bhaile Héil a bhuaigh corn Tommy Moore den naoú huair i stair caoga bliain an chlub óig seo. Fuaireadar a ndóthain ó leaideanna Dhún Lathaí agus ní rabhadar cinnte den bhua go dtí an deireadh.

Gan dabht is iontach an fhoireann iad agus is iontach an club é Baile Héil.

Níos déanaí an tráthnóna céanna bhuaigh Corcaigh corn Co-Op Superstores, i Sraith Shinsir na Mumhan nuair a thángadar ar ais fíordhéanach sa chluiche chun an bua a sciobadh ó Thiobraid Árann a bhí ocht gcúilín chun tosaigh leathshlí isteach sa dara leath.

Chun a bheith fírinneach ní raibh an cluiche thar mholadh beirte agus ní féidir mórán a fhoghlaim ó na taispeántais, go háirithe ó thaobh Chorcaí. Cheapas féin go raibh na Tiobraid Árannaigh níos fearr ach dar ndóigh is é an buaiteoir a fhaigheann an chreach.

Leanann cúrsaí iomána ar aghaidh agus na coláistí tríú leibhéal i lár stáitse. Seachtain ó shin, bhíos ag éisteacht le guth aitheanta iarchaptaen buacach na Gaillimhe, Joe Connolly, ar Raidió na Gaeltachta agus é ag caint faoina sheal mar imreoir i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Rinne sé an-chur síos ar an tionchar a bhí ag comórtas Mhic Ghiobúin air agus é ina scoláire ann i lár na seachtóidí.

Dé hAoine seo caite nochtadh leac chuimhneacháin do bheirt laochra a bhí lárnach i gcúrsaí iománaíochta ag an am, b’in an Dochtúir Tony Finan agus iarUachtarán CLG Joe McDonagh.

Taca an ama chéanna a cuireadh tús le feachtas 2023 do Chorn Mhic Ghiobúin, agus muid i lár fuacht géar na seachtaine seo caite. Agus cad é an brú atá ar na himreoirí óga iontacha seo atá ag iarraidh cúpla trá a fhreastal idir choláiste, chontae agus staidéar.

Dar ndóigh tá scoth na n-imreoirí idirchontae ag imirt do na coláistí difriúla agus iad ag iarraidh ceann de mhórbhoinn na hiomána a bhuacan.

Tá beirt thar a bheith gnóthach, beirt a bhí i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite agus bonn Chraobh na hÉireann eile á thabhairt abhaile acu lena gclub, Baile Héil. Bhí Adrian Mullen (DCU) ina iománaí óg na bliana in 2019 agus i ndiaidh dó séasúr 2020 a chailliúint de bharr an diabhal ballnasc croiseach sin, tháinig sé ar ais i bhfad níos láidre agus é thar a bheith tábhachtach dá choláiste, dá chlub agus dá chontae .

Bhuaigh Eoin Cody (SETU Ceatharlach ) an bonn céanna seachtain ó shin. Faraor de bharr teannán na hioscaide a ghortú ní raibh sé in ann aon pháirt a ghlacadh sa chluiche ceannais. Agus fearacht Adrian Mullen, bronnadh iománaí óg na bliana air ach fuair seisean an gradam sin fá dhó.

Beidh sé ina chailliúint ollmhór mura mbíonn sé cneasaithe don chomórtas is tábhachtaí i saol na scoláirí seo.

Roimh a gcéad chluiche i gcoinne Ollscoil Mhá Nuad, bhíos ag léamh an chláir agus ní raibh ach corr-ainm ann nár aithin mé ar phainéal Choláiste na hOllscoile Corcaigh agus cuid maith díobh a bhfuil áiteanna buana acu ar fhoireann a gcontae cheana féin. Agus cé nár thosnaigh cuid des na himreoirí is aitheanta, bhí an fhoireann fós láidir. Bhí Ger Millerick, Iarlaith Daly, Daire Connery agus Brian Hayes i measc na bhfear ionaid agus Niall O Leary, Rob Downey, Conor Cahalane, Jack O’Connor agus Shane Barrett ar an bhfoireann a thosaigh.

Ach cé gur maith láidir iad ‘ar pháipéar’, ní rabhadar go hiontach sa chluiche agus bhí an t-ádh leo an bua le dhá chúilín a fháil i gcoinne Mhá Nuad a bhí ag imirt le ceathrar déag ó déanach sa chéad leath.

Tá an Corcaíoch eile, Ciarán Joyce ag imirt le MTU Corcaigh agus deartháir Iarlaith Daly, Cárthach, ag imirt le MIE Luimneach.

Tá Brian Concannon agus a chomhghleacaí Evan Niland ar fhoireann na Gaillimhe ar diúité lena choláiste áitiúil NUIG.

Chonaiceamar Cathal O’Neill cúpla uair le Luimneach anuraidh. Tá sé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh agus é an-tábhachtach don fhoireann sin a fhéachann an-láidir.

Bhí tuilleadh cluichí ar siúl an tseachtain seo agus beidh arís an tseachtain seo chugainn, díreach sula dtugann siad a n-aghaidh ar an chéad bhabhta de Shraith Allianz na hiomána. Nach breá a bheith óg, ábalta agus fuinniúil.

Fág freagra ar 'Nach breá a bheith óg, ábalta agus ag imirt do do choláiste'