Deir Pádraig Ó Céidigh, an fear gnó Gaeltachta a ainmníodh ina Sheanadóir tráthnóna, go bhfuil súil aige a bheith ag comhoibriú le leithéidí an Seanadóra Trevor Ó Clochartaigh (SF), Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne (FG) agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) chun go mbeadh ‘guth láidir’ ag an nGaeltacht agus ag iarthar na hÉireann i dTithe an Oireachtais.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna faoina ainmniúchán don Seanad, dúirt an fear gnó as an Spidéal i gConamara go raibh sé i gceist aige an fód a sheasamh ar son phobal na Gaeltachta agus phobal an iarthair sa Seanad nua.
Dúirt sé go raibh sé ag tnúth le bheith ag obair i gcomhar lena chomhghleacaithe nua i dtithe an Oireachtais, go háirithe iadsan atá ag déanamh ionadaíochta ar an nGaeltacht agus ar iarthar na hÉireann.
“Nach as an bportach céanna muid uilig!” a dúirt Ó Céidigh le Tuairisc.ie.
Bíonn deis ag an Taoiseach 11 duine a cheapadh ina Seanadóirí, ach d’fhág Enda Kenny faoi cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin é triúr den aon dhuine dhéag sin a roghnú an babhta seo, agus bhí Ó Céidigh ar dhuine den triúr sin.
Phléigh sé an scéal le Micheál Martin a ghlaoigh air cúpla lá ó shin, ach ba é mac Uí Chéidigh, Cathal, a d’inis dó tráthnóna go raibh sé ainmnithe go hoifigiúil ag an Taoiseach. Ar Twitter a chonaic Cathal Ó Céidigh an scéal go raibh a athair ainmnithe ag an Taoiseach.
Fiontraí aitheanta é Pádraig Ó Céidigh agus beidh cúrsaí gnó go mór sa treis aige sa Seanad. Tá fonn air, a dúirt sé, reachtaíocht a chur chun cinn a thabharfadh faoiseamh cánach do dhaoine a bhfuil “smaointe maithe acu agus iad ag iarraidh gnó nua a chur ar bun agus fostaíocht a chur ar fáil”.
“Má tá smaoineamh maith gnó ag duine óg agus iad sásta dul sa seans, cén fáth go mbeadh pionós á ghearradh againn ar an duine sin seachas a bheith á spreagadh?” a dúirt Ó Céidigh le Tuairisc.ie.
Cé gur údar “bróid” dó a bheith ainmnithe ag an Taoiseach, feictear dó go bhfuil gá le reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt “ar thodhcaí an tSeanaid féin”.
Sheas Ó Céidigh ar rolla Ollscoil na hÉireann i dtoghchán an tSeanaid an mhí seo caite agus cé nár éirigh leis ceann den trí shuíochán ar an rolla sin a thabhairt leis, bhí sé sa tríú háit go dtí an 25ú comhaireamh nuair a d’éirigh le Alice-Mary Higgins, iníon Uachtarán na hÉireann, dul chun tosaigh air.