NACH AISTEACH É? Is deacair fear gan cloigeann a chrochadh…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH AISTEACH É? Is deacair fear gan cloigeann a chrochadh…

Is deacair fear gan cloigeann a chrochadh. Níl a fhios agam go barainneach cén chiall atá leis an ráiteas sin. Cá bhfuil na Scoláirí Móra anois?

Bhí mé ag cur síos an lá cheana ar fhear ar dúradh faoi go raibh a chloigeann leáite. An t-ól a bhí ag éirí sa gcoiricín aige. Casadh leaganacha eile dhom ó shin a bhaineann leis an gcloigeann:

Ní cloigeann gabhair é nach bhfaighimid brabach eile air. (Ní bhíonn brabach ar bith ar chloigeann gabhair.)

Tabhair aire do na cosa is bhéarfaidh an cloigeann aire dó féin.

Cloigeann a chaithfeadh seacht gcolainn, i.e. ceann críonna seanóra.

Cloigeann circe ar amadán.

Cloigeann mór na céille bige.

Is deas an rud cloigeann a mbeadh ciall ann.

Déanann an iomarca codlata cloigeann dána. Deirtear go bhfuil sé ar cheann de na nithe is measa do cholainn duine.

Mór amuigh agus beag istigh, mar chloigeann seilmide.

Cloigeann creabhair
Cloigeann gabhair,
Cloigeann cnúdáin,
Na trí ní is lú a bhfuil solamar orthu.

Droim an scadáin,
Bolg an bhradáin,
Is cloigeann an troisc,
Trí ithe mhaithe fholláine do charraera.

Fág freagra ar 'NACH AISTEACH É? Is deacair fear gan cloigeann a chrochadh…'