NACH AISTEACH É? Go ndéana Dia Diarmaid díom

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH AISTEACH É? Go ndéana Dia Diarmaid díom

Ar chúinse ar bith a chiallaíonn sé. Ar bhás an domhain. Go deo na ndeor. Go brách na breithe. Go lá Philib an Chleite. Go lá speireadh na gcat. Go lá deireadh an domhain. Go broinne an bhrátha. Go Lá an Luain. Go Lá an Bhreithiúnais.

Ach cérbh é Diarmaid? Sín í an cheist. Dia agus Diarmaid ort, a deirtí i gceantar na nOileán – eascaine éadrom gan dochar. Bhí an leagan seo ag imeacht freisin: Cuir na fiacha ar an méar fhada, mar a dhéanadh Diarmaid leis an mbean eile. An bhfuil seans ar bith gurbh é Diarmaid a d’éalaigh le Gráinne a bhí i gceist? Ceist eile: Cérbh é Pilib an Chleite?

Fág freagra ar 'NACH AISTEACH É? Go ndéana Dia Diarmaid díom'